An Ghaeilge
Fuaimeannaí na Gaeilge
Foghlaim an dóigh a bhfuaimníthear fuaimeannaí na Gaeilge,
anseo
Liosta leabharthach fá choinne Gaeilg Uladh a dh’fhoghlaim:
Irish On Your Own, nó Now You’re Talking (is iad sin an leabhar chéarna, ach is é an chéad teideal a fhaghthar i Meiriceá, agus an darna cionn a fhaghthar san Eoraip)
Taisce Focal, le Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy. Sin leabhar le scéaltaí beaga (fá choinne na ndaoiní fásta) i nGaeilg Uladh, le cuid mhór focal is cor cainte a chluintear sa Ghaeltacht. Míníthear an chuid is deacra i mBéarla ag bun achan leathanaigh. Tá CD ag gabháil leis, ar a gcluintear cainteoirí dúchais as Rann na Feirste a’ léamh na dtéacsann.
An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh, le Dónall Ó Baoill. Leabhar i nGaeilg ina ndéantar cur síos ar na tréithe is tábhachtaí do chanúint Uladh. Leabhar don scoith.
(tilleadh le theacht)
Seo suíomh ar a bhfuil liosta mór do na leabharthaí a scríobhadh fá chanúintí na Gaeilge:
http://www.uni-due.de/DI/Dialects_Literature.htm
M'fhoclóir Gaeilge-Fraincise, foilsithe ag Yoran Embanner :
- Aguisín ar líne an fhoclóra (le réimnithe na mbriathar, na forainmneacha réamhfhoclacha agus an fuaimniú)
Cupla pioctúr :
Clúdach



|